search


keyboard_tab Digital Market Act 2022/1925 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/1925 GA cercato: '   cuirfidh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index    cuirfidh:

    CAIBIDIL I
    ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

    CAIBIDIL II
    GEATÓIRÍ

    CAIBIDIL III
    CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH

    CAIBIDIL IV
    IMSCRÚDÚ MARGAIDH

    CAIBIDIL V
    CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN

    CAIBIDIL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas    cuirfidh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 742

 

Airteagal 6

Oibleagáidí do gheatóirí a bhféadfaí sonrú breise a dhéanamh orthu faoi Airteagal 8

1.   Comhlíonfaidh an geatóir na hoibleagáidí uile a leagtar amach san Airteagal seo maidir le gach aon cheann dá chroísheirbhísí ardáin atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9).

2.   Staonfaidh an geatóir ó aon sonraí a úsáid, in iomaíocht le húsáideoirí gnó, ar sonraí iad nach bhfuil ar fáil go poiblí agus a ghineann nó a sholáthraíonn na húsáideoirí gnó sin agus iad ag baint úsáide as na croísheirbhísí ardáin ábhartha nó as na seirbhísí a sholáthraítear in éineacht leis na croísheirbhísí ardáin ábhartha sin nó mar thaca leo, lena n-áirítear sonraí arna nginiúint nó arna soláthar ag custaiméirí na n-úsáideoirí gnó sin.

Chun críocha an chéad fhomhír, cuimseoidh na sonraí nach bhfuil ar fáil go poiblí aon sonraí comhiomlánaithe agus neamh-chomhiomlánaithe a ghineann úsáideoirí gnó is féidir a thuiscint ó, nó a bhailiú trí ghníomhaíochtaí tráchtála úsáideoirí gnó nó a gcustaiméirí, lena n-áirítear sonraí cliceála, cuardaigh, amhairc agus gutha, maidir leis an croísheirbhísí ardáin ábhartha nó maidir le seirbhísí a sholáthraítear in éineacht le croísheirbhísí ardáin ábhartha an gheatóra nó mar thaca leo.

3.   Ceadóidh agus cumasóidh an geatóir go teicniúil úsáideoirí deiridh chun aon fheidhmchláir bogearraí atá ar chóras oibriúcháin an gheatóra a dhíshuiteáil, gan dochar do chumas an gheatóra sin díshuiteáil den sórt sin a shrianadh maidir le feidhmchláir bogearraí atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú an chórais oibriúcháin nó an ghléis, agus nach bhféadann tríú páirtithe a thairiscint go teicniúil ná go neamhspleách.

Tabharfaidh an geatóir cead do na húsáideoirí deiridh agus cuirfidh sé ar a gcumas teicniúil réamhshocruithe a athrú go héasca ar a chóras oibriúcháin, ar a chúntóir fíorúil agus ar a bhrabhsálaí gréasáin lena ndéantar úsáideoirí deiridh a sheoladh nó a stiúradh chuig táirgí nó seirbhísí a sholáthraíonn an geatóir. Cuimsíonn sé sin a iarraidh ar úsáideoirí deiridh, nuair a úsáideann na húsáideoirí deiridh innill chuardaigh ar líne, cúntóir fíorúil nó brabhsálaithe gréasáin an gheatóra atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9) den chéad uair, an t-inneall cuardaigh ar líne, cúntóir fíorúil nó brabhsálaí gréasáin a seolann nó a stiúrann córas oibriúcháin an gheatóra úsáideoirí chucu mar réamhshocrú, agus an t-inneall cuardaigh ar líne a seolann nó a stiúrann cúntóir fíorúil agus brabhsálaí gréasáin an gheatóra úsáideoirí chuige mar réamhshocrú, a roghnú ó liosta na bpríomhsholáthraithe seirbhíse atá ar fáil.

4.   Ceadóidh agus cumasóidh an geatóir go teicniúil feidhmchláir bogearraí ó thríú páirtí nó ó shiopaí feidhmchlár bogearraí a shuiteáil agus a úsáid go héifeachtach agus iad ag úsáid chórais oibriúcháin an gheatóra sin, nó ag idiroibriú lena chóras oibriúcháin, agus ceadóidh sé rochtain a fháil ar na feidhmchláir bogearraí nó ar na siopaí feidhmchlár bogearraí sin ar bhealaí eile seachas trí chroísheirbhísí ardáin ábhartha an gheatóra sin. Ní choiscfidh an geatóir, i gcás inarb infheidhme, ar fheidhmchláir bogearraí tríú páirtí íoslódáilte, ná ar shiopaí feidhmchlár bogearraí, a iarraidh ar úsáideoirí deiridh a chinneadh cé acu atá siad ag iarraidh an feidhmchlár bogearraí íoslódáilte sin nó an siopa feidhmchlár bogearraí sin a bheith mar réamhshocrú acu nó nach bhfuil. Cumasóidh an geatóir go teicniúil úsáideoirí deiridh a chinneann an feidhmchlár bogearraí íoslódáilte nó an siopa feidhmchlár bogearraí sin a bheith mar réamhshocrú acu chun an t-athrú sin a dhéanamh go héasca.

Ní bheidh cosc ar an ngeatóir bearta a dhéanamh, ar choinníoll nach rachaidh siad níos faide ná mar atá fíor-riachtanach agus comhréireach, lena áirithiú nach gcuirfidh feidhmchláir bogearraí nó siopaí feidhmchlár bogearraí ó thríú páirtithe sláine na gcrua-earraí nó an chórais oibriúcháin atá á sholáthar ag an ngeatóir i mbaol, ar choinníoll go dtugann an geatóir údar cuí le bearta comhréireacha den sórt sin.

Anuas air sin, ní choiscfear ar an ngeatóir bearta agus socruithe, seachas réamhshocruithe, a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go bhfuil siad fíor-riachtanach agus comhréireach, lena gcuirfear ar chumas úsáideoirí deiridh slándáil a chosaint go héifeachtach maidir le feidhmchláir bogearraí tríú páirtí nó siopaí feidhmchlár bogearraí, ar choinníoll go dtugann an geatóir údar cuí leis na bearta agus socruithe seachas na réamhshocruithe.

5.   Ní chaithfidh an geatóir ar bhealach níos fabhraí, ó thaobh rangú agus innéacsú agus ransú gaolmhar, le seirbhísí agus táirgí a thairgeann an geatóir féin i gcomórtas le seirbhísí nó táirgí ó thríú páirtí. Cuirfidh an geatóir coinníollacha trédhearcacha, cothroma agus neamh-idirdhealaitheach i bhfeidhm maidir le rangú den sórt sin.

6.   Staonfaidh an geatóir ó shrian a chur, bíodh srian teicniúil nó srian eile i gceist, le cumas úsáideoirí deiridh athrú idir agus liostáil le feidhmchláir bogearraí agus seirbhísí éagsúla a dhéantar a rochtain le croísheirbhísí ardáin an gheatóra, lena n-áirítear maidir le rogha seirbhísí rochtana Idirlín d’úsáideoirí deiridh.

7.   Ceadóidh an geatóir do sholáthraithe seirbhísí agus do sholáthraithe crua-earraí, saor in aisce, idir-inoibritheacht éifeachtach a bheith acu, agus rochtain chun críocha na hidir-inoibritheachta sin, leis na gnéithe crua-earraí agus bogearraí céanna a fhaightear rochtain orthu nó a rialaítear tríd an gcóras oibriúcháin nó tríd an gcúntóir fíorúil atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9) mar atá ar fáil do sheirbhísí nó do chrua-earraí arna soláthar ag an ngeatóir. Ina theannta sin, ceadóidh an geatóir saor in aisce d’úsáideoirí gnó agus do sholáthraithe malartacha seirbhísí a sholáthraítear in éineacht le croísheirbhísí ardáin nó mar thaca leo, idir-inoibritheacht éifeachtach, agus rochtain chun críocha na hidir-inoibritheachta sin, leis an gcóras oibriúcháin céanna agus na gnéithe crua-earraí nó bogearraí céanna, gan beann ar cé acu an cuid den chóras oibriúcháin na gnéithe bogearraí sin nó nach ea, atá ar fáil don gheatóir sin nó á úsáid aige agus seirbhísí den sórt sin á soláthar aige.

Ní chuirfear cosc ar an ngeatóir bearta fíor-riachtanacha comhréireacha a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfidh idir-inoibritheacht sláine an chórais oibriúcháin, an chúntóra fhíorúil, na gcrua-earraí nó na ngnéithe bogearraí a sholáthraíonn an geatóir i mbaol, ar choinníoll go dtugann an geatóir údar cuí leis na bearta comhréireacha sin.

8.   Soláthróidh an geatóir, saor in aisce, rochtain d’fhógróirí agus d’fhoilsitheoirí, agus do thriú páirtithe a bheidh údaraithe ag na fógróirí agus na foilsitheoirí, arna iarraidh sin dóibh, ar na huirlisí um thomhas feidhmíochta atá ag an ngeatóir agus ar na sonraí atá ag teastáil ó fhógróirí agus ó fhoilsitheoirí chun a bhfíorú neamhspleách féin a dhéanamh ar an bhfardal fógraí, lena n-áirítear sonraí comhiomlánaithe agus neamh-chomhiomlánaithe. Soláthrófar sonraí den sórt sin ar bhealach a chuireann ar chumas fógróirí agus foilsitheoirí a n-uirlisí fíorúcháin agus tomhais féin a fheidhmiú chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na gcroísheirbhísí ardáin dá bhforálann na geatóirí.

9.   Soláthróidh an geatóir, saor in aisce, d’úsáideoirí deiridh agus do thríú páirtithe arna n-údarú ag úsáideoir deiridh, ar iarraidh a fháil uathu, iniomparthacht éifeachtach na sonraí arna soláthar ag an úsáideoir deiridh nó arna nginiúint trí ghníomhaíocht an úsáideora deiridh i gcomhthéacs úsáid na croísheirbhíse ardáin ábhartha, lena n-áirítear trí uirlisí a sholáthar, saor in aisce, chun feidhmiú éifeachtach na hiniomparthachta sonraí sin a éascú, agus lena n-áirítear trí rochtain leanúnach agus fíor-ama a sholáthar ar shonraí den sórt sin.

10.   Soláthróidh an geatóir, saor in aisce, d’úsáideoirí gnó agus do thríú páirtithe atá údaraithe ag úsáideoir gnó, arna iarraidh sin dóibh, rochtain éifeachtach, ardcháilíochta, leanúnach agus fíor-ama ar shonraí comhiomlánaithe nó neamh-chomhiomlánaithe, lena n-áirítear sonraí pearsanta, chomh maith le húsáid na sonraí sin, ar sonraí iad a sholáthraítear nó a ghintear i gcomhthéacs úsáid a bheith á baint as na croísheirbhísí ábhartha ardáin, nó as seirbhísí arna soláthar in éineacht leis na croísheirbhísí ábhartha ardáin nó mar thaca leo ag na húsáideoirí gnó sin agus ag na húsáideoirí deiridh a bhíonn ag plé leis na táirgí nó na seirbhísí arna soláthar ag na húsáideoirí gnó sin. Maidir le sonraí pearsanta, ní dhéanfaidh an geatóir rochtain ar shonraí pearsanta agus úsáid na sonraí sin a sholáthar ach amháin i gcás ina bhfuil na sonraí sin nasctha go díreach leis an úsáid atá á feidhmiú ag na húsáideoirí deiridhmaidir leis na táirgí nó na seirbhísí atá á dtairiscint ag an úsáideoir gnó ábhartha tríd an gcroísheirbhís ardáin ábhartha, agus nuair a roghnaíonn na húsáideoirí deiridhcomhroinnt den sórt sin a dhéanamh trí thoiliú léi.

11.   Soláthróidh an geatóir, saor in aisce, d’aon ghnóthas tríú páirtí a sholáthraíonn innill chuardaigh ar líne, arna iarraidh sin dó, rochtain ar shonraí rangaithe, fiosraithe, cliceála agus amhairc i dtaca le cuardach saor in aisce agus íoctha arna nginiúint ag úsáideoirí deiridh ar a innill chuardaigh ar líne,, ar théarmaí cothroma réasúnta neamh-idirdhealaitheacha. Déanfar anaithnidiú ar shonraí fiosraithe, cliceála agus amhairc den sórt sin más sonraí pearsanta iad.

12.   cuirfidh an geatóir coinníollacha ginearálta atá cothrom, réasúnta agus neamh-idirdhealaitheach i bhfeidhm d’úsáideoirí gnó a shiopaí feidhmchlár bogearraí, a innill chuardaigh agus a sheirbhísí líonraithe shóisialta ar líne atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9).

Chun na críche sin, foilseoidh an geatóir coinníollacha ginearálta na rochtana, lena n-áirítear sásra malartach um réiteach díospóidí.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé acu a chloíonn nó nach gcloíonn na coinníollacha ginearálta a foilsíodh leis an mír seo.

13.   Ní bheidh coinníollacha ginearálta díréireacha ag an ngeatóir chun soláthar croísheirbhís ardáin a fhoirceannadh. Áiritheoidh an geatóir gur féidir na coinníollacha maidir le foirceannadh a chleachtadh gan deacracht mhíchuí.

Airteagal 14

An oibleagáid eolas a thabhairt faoi chomhchruinnithe

1.   cuirfidh an geatóir an Coimisiún ar an eolas faoi chomhchruinniú ar bith atá beartaithe de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, i gcás ina soláthraíonn na heintitis atá ag cumasc nó sprioc an chomhchruinnithe croísheirbhísí ardáin nó aon seirbhísí eile san earnáil dhigiteach nó ina gcumasaíonn siad sonraí a bhailiú, gan beann ar é a bheith infhógartha don Choimisiún faoin Rialachán sin nó d’údarás iomaíochta náisiúnta inniúil faoi rialacha náisiúnta cumaisc.

Tabharfaidh geatóir eolas don Choimisiún maidir le comhchruinniú den sórt sin sula gcuirfear chun feidhme é agus i ndiaidh an comhaontú a chur i gcrích, i ndiaidh an tairiscint phoiblí a fhógairt, nó i ndiaidh leas urlámhais a fháil.

2.   San fhaisnéis a thabharfaidh an geatóir de bhun mhír 1, beidh ar a laghad tuairisc ar na gnóthais a mbaineann an comhchruinniú leo, a láimhdeachais bhliantúla Aontais agus dhomhanda, a réimsí gníomhaíochta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach leis an gcomhchruinniú, luach idirbhirt an chomhaontaithe nó meastachán orthu, achoimre ar an gcomhchruinniú, lena n-áirítear cineál agus réasúnaíocht an chomhchruinnithe, agus liosta de na Ballstáit a mbaineann an comhchruinniú leo.

Tabharfar tuairisc freisin san fhaisnéis arna cur ar fáil ag an ngeatóir, i gcás aon chroísheirbhísí ardáin ábhartha, ar a láimhdeachais bhliantúla Aontais, ar líon a n-úsáideoirí gnó gníomhacha bliantúla agus ar líon a n-úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla, faoi seach.

3.   Más rud é, i ndiaidh aon chomhchruinniú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go sroicheann croísheirbhísí ardáin sa bhreis na tairseacha in Airteagal 3(2), pointe (b), ar bhonn aonair, cuirfidh an geatóir lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi sin laistigh de 2 mhí ó chur chun feidhme an chomhchruinnithe agus soláthróidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(2) don Choimisiún.

4.   cuirfidh an Coimisiún údaráis inniúla na mBallstát ar an eolas faoi aon fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 agus foilseoidh sé go bliantúil liosta de na fálacha ar chuir na geatóirí ar an eolas iad fúthu de bhun na míre sin.

Cuirfidh an Coimisiún leas dlisteanach gnóthas a rúin ghnó a chosaint san áireamh.

5.   Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis a fhaightear faoi mhír 1 den Airteagal seo a úsáid chun a iarraidh ar an gCoimisiún an comhchruinniú a scrúdú de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004.

Airteagal 15

Oibleagáid maidir le hiniúchadh

1.   Laistigh de 6 mhí i ndiaidh a ainmnithe de bhun Airteagal 3, déanfaidh geatóir tuairisc, arna hiniúchadh go neamhspleách, a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar theicnící ar bith chun tomhaltóirí a phróifíliú a fheidhmíonn an geatóir ar nó ar fud a chroísheirbhísí ardáin mar a liostaítear sa chinneadh ainmniúcháin iad de bhun Airteagal 3(9). Tarchuirfidh an Coimisiún an tuairisc iniúchta sin chuig an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 46(1), pointe (g), a ghlacadh, chun modheolaíocht agus nós imeachta an iniúchta a fhorbairt.

3.   cuirfidh an geatóir forléargas ar fáil go poiblí ar an tuairisc arna hiniúchadh dá dtagraítear i mír 1. Agus é sin á dhéanamh aige, beidh geatóir i dteideal an gá atá lena rúin ghnó a urramú a chur san áireamh. Déanfaidh an geatóir an tuairisc sin agus an forléargas neamhrúnda sin a nuashonrú go bliantúil ar a laghad.

CAIBIDIL IV

IMSCRÚDÚ MARGAIDH

Airteagal 18

Imscrúdú margaidh maidir le neamhchomhlíonadh córasach

1.   Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh an raibh geatóir ag gabháil do neamhchomhlíonadh córasach. Déanfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú margaidh sin a thabhairt i gcrích laistigh de 12 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). I gcás ina léirítear san imscrúdú margaidh gur sháraigh geatóir go córasach ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7 agus go bhfuil a shuíomh mar gheatóir coimeádta, neartaithe nó leathnaithe aige maidir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3(1), féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena bhforchuirtear aon leigheasanna iompraíochta nó struchtúracha a fhorchur ar gheatóir den sórt sin atá comhréireach agus riachtanach chun comhlíonadh éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

2.   Féadfar a áireamh sa leigheas arna fhorchur i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, a mhéid go bhfuil leigheas den chineál sin comhréireach agus riachtanach chun cothroime nó inchoimhlinteacht a chóiméad nó a athbhunú faoi thionchar an neamhchomhlíonta chórasaigh, toirmeasc, ar feadh tréimhse theoranta, a chur ar an ngeatóir comhchruinniú a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 maidir leis na croísheirbhísí ardáin, nó na seirbhísí eile a sholáthraítear san earnáil dhigiteach nó seirbhísí a chumasaíonn bailiú sonraí atá faoi thionchar an neamhchomhlíonta chórasaigh.

3.   Measfar go raibh geatóir páirteach i neamhchomhlíonadh córasach na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7, i gcás inar eisigh an Coimisiún trí cinn ar a laghad de chinntí neamhchomhlíonta de bhun Airteagal 29 in aghaidh geatóra maidir le ceann ar bith dá chroísheirbhísí ardáin laistigh de thréimhse 8 mbliana sular glacadh an cinneadh imscrúdú margaidh a thionscnamh de bharr go bhféadfaí cinneadh a ghlacadh de bhun an Airteagail seo.

4.   cuirfidh an Coimisiún a réamhchinntí in iúl don gheatóir lena mbaineann laistigh de 6 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a). Sna réamhchinntí uaidh, míneoidh an Coimisiún an réamh-mheasann sé go bhfuil coinníollacha mhír 1 den Airteagal seo á sásamh agus cén leigheas a réamh-mheasann sé a bheith riachtanach agus comhréireach.

5.   Chun tríú páirtithe leasmhara a chumasú le tráchtanna a dhéanamh go héifeachtach, foilseoidh an Coimisiún, agus tráth a bheidh réamhchinntí á gcur in iúl aige don gheatóir de bhun mhír 4 nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin, achoimre neamhrúnda fhoilsiú ar an gcás agus ar na leigheasanna a mheasann sé a fhorchuirfidh sé. Sonróidh an Coimisiún tráthchlár réasúnta a gcuirfear tráchtanna den sórt sin ar fáil lena linn.

6.   I gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún cinneadh a ghlacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo trí ghealltanais arna dtabhairt geatóir de bhun Airteagal 25 a dhéanamh ceangailteach, foilseoidh sé achoimre neamhrúnda ar an gcás agus ar phríomhinneachar na ngealltanas. Féadfaidh tríú páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a chur isteach laistigh de thréimhse réasúnta ama a shocróidh an Coimisiún.

7.   Féadfaidh an Coimisiún, agus an t-imscrúdú margaidh ar siúl, síneadh a chur lena fhad ama i gcás ina bhfuil bonn cirt le síneadh den sórt sin ar fhorais oibiachtúla agus ina bhfuil sé comhréireach. D’fhéadfadh sé go mbeadh feidhm ag an síneadh maidir leis an spriocdháta faoina gcaithfidh an Coimisiún a réamhchinntí a eisiúint, nó maidir leis an spriocdháta chun glacadh leis an gcinneadh deiridh. Ní rachaidh fad iomlán an tsínidh nó na síntí de bhun na míre seo thar 6 mhí.

8.   Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an geatóir a chuid oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 go héifeachtach, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú go rialta ar na leigheasanna a fhorchuireann sé i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo. Beidh an Coimisiún i dteideal na leigheasanna sin a mhodhnú má fhaigheann sé, tar éis imscrúdú margaidh a dhéanamh, nach bhfuil siad éifeachtach.

Airteagal 35

Tuairisciú bliantúil

1.   cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus an dul chun cinn atá déanta i dtreo a chuspóirí a bhaint amach.

2.   Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:

(a)

achoimre ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin lena n-áirítear aon bhearta nó cinntí a glacadh agus imscrúduithe margaidh leanúnacha i dtaca leis an Rialachán seo;

(b)

na torthaí ar an bhfaireachán a rinneadh ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a rinne na geatóirí;

(c)

measúnú ar an tuairisc arna hiniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 15;

(d)

forléargas ar an gcomhar idir an Coimisiún agus údaráis náisiúnta i dtaca leis an Rialachán seo;

(e)

forléargas ar na gníomhaíochtaí agus na cúraimí a rinne Grúpa Ardleibhéil na Rialtóirí Digiteacha, lena n-áirítear an chaoi a gcuirfear chun feidhme a chuid moltaí a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú an Rialacháin seo.

3.   Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil ar a shuíomh gréasáin.

Airteagal 39

Comhar leis na cúirteanna náisiúnta

1.   In imeachtaí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh na cúirteanna náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis atá ina sheilbh a tharchur chucu nó a thuairim a tharchur chucu maidir le ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   cuirfidh na Ballstáit ar aghaidh chuig an gCoimisiún cóip d’aon bhreithiúnas i scríbhinn ó na cúirteanna náisiúnta a dhéanann cinneadh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirfear an chóip sin ar aghaidh gan mhoill tar éis an bhreithiúnais iomláin i scríbhinn a bheith curtha in iúl do na páirtithe.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar a thionscnamh féin, barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na gcúirteanna náisiúnta i gcás inar gá, chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go comhleanúnach. Le cead na cúirte i dtrácht, féadfaidh sé barúlacha a thabhairt ó bhéal freisin.

4.   Chun críoch ullmhú a mbarúlacha amháin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an gcúirt náisiúnta ábhartha aon doiciméid atá riachtanach chun an cás a mheasúnú a tharchur chuige nó tarchur na ndoiciméad sin chuige a áirithiú.

5.   Ní dhéanfaidh na cúirteanna náisiúnta cinneadh a rachadh in aghaidh cinneadh a ghlac an Coimisiún faoin Rialachán seo. Ní thabharfaidh siad freisin cinntí a bheadh ar neamhréir le cinneadh atá beartaithe ag an gCoimisiún in imeachtaí a thionscain sé faoin Rialachán seo. Chuige sin, féadfaidh an chúirt náisiúnta a mheas an gá bac a chur ar a himeachtaí. Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht do na cúirteanna náisiúnta réamhrialú a iarraidh faoi Airteagal 267 CFAE.

Airteagal 41

Iarraidh ar imscrúdú margaidh

1.   Féadfaidh trí Bhallstát nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú margaidh a thionscnamh de bhun Airteagal 17 mar go measann siad go bhfuil forais réasúnta ann chun amhras a bheith ann gur cheart gnóthas a ainmniú mar gheatóir.

2.   Féadfaidh Ballstát amháin nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú margaidh a oscailt de bhun Airteagal 18 mar go measann siad go bhfuil forais réasúnta ann chun amhras a bheith ann gur sháraigh geatóir go córasach ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 agus go bhfuil a shuíomh mar gheatóir caomhnaithe, neartaithe nó leathnaithe aige maidir leis na riachtanais faoi Airteagal 3(1).

3.   Féadfaidh trí Bhallstát nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh de bhun Airteagal 19 mar go measann siad go bhfuil forais réasúnta ann chun amhras a bheith ann gur fíor ceann acu seo a leanas:

(a)

ba cheart seirbhís amháin nó níos mó laistigh den earnáil dhigiteach a chur leis an liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó

(b)

ní thugtar aghaidh go héifeachtach leis an Rialachán seo ar chleachtas amháin nó níos mó agus d’fhéadfadh an cleachtas nó na cleachtais sin inchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin a theorannú nó a bheith éagórach.

4.   cuirfidh na Ballstáit fianaise isteach mar thaca leis na hiarrataí uathu de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3. I gcás iarrataí de bhun mhír 3, féadfar a áireamh san fhianaise sin faisnéis faoi thairiscintí a tugadh isteach le deireanas maidir le táirgí, seirbhísí, bogearraí nó gnéithe ar cúis imní iad maidir le hinchoimhlinteacht nó cothroime, cibé an i gcomhthéacs croísheirbhísí ardáin atá ann cheana nó i gcomhthéacs eile a cuireadh chun feidhme iad.

5.   Laistigh de 4 mhí ó iarratas de bhun an Airteagail seo a fháil, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil forais réasúnta ann nó nach bhfuil chun imscrúdú margaidh a thionscnamh de bhun mhír 1, 2 nó 3. Foilseoidh an Coimisiún torthaí a mheasúnaithe.

Airteagal 50

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste (“Coiste Comhairleach na Margaí Digiteacha”) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   cuirfidh an Coimisiún tuairim an choiste in iúl do sheolaí cinnidh aonair, in éineacht leis an gcinneadh sin. Cuirfidh sé an tuairim agus an cinneadh aonair ar fáil don phobal, ag féachaint don leas dlisteanach i gcosaint rúndachta gairmiúla.


whereas









keyboard_arrow_down